Cuireadh suíomh gréasáin Dail100.ie le chéile chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dháil Éireann. Tá íomhánna, closábhar, ábhar físe agus téacs as raon leathan foinsí ar an suíomh agus tá Tithe an Oireachtais buíoch do na heagraíochtaí agus do na daoine ar fad a thug a gcead go gnaíúil ábhair a atáirgeadh ar an suíomh gréasáin seo. Tá an t-ábhar uile faoi chóipcheart luaite go soiléir. Cé go bhfuil díospóireachtaí parlaiminte na chéad Dála suntasach go leor, thug ábhar tacaíochta ó thríú páirtithe a bhain le laethanta tosaigh Dháil Éireann deis dúinn cur go mór leis an scéal.
Tugtar buíochas speisialta don dream seo a leanas a chomhoibrigh agus a rannchuidigh linn:
- Gabriel Doherty, Léachtóir sa Stair, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Ard-Mhúsaem na hÉireann
- An Chartlann Náisiúnta
- Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath
- Biúró na Staire Míleata
- Edward L. Golterman agus James Michael Golterman
- Whyte’s
- Músaem Phríosún Chill Mhaighneann
Buíochas speisialta le Niamh Scannell (cartlannaí) as an obair a rinne sí ar an taispeántas Treasures of the Oireachtas Library.
Táirgeadh an suíomh gréasáin Dáil100.ie le cúnamh ó roinnt ball foirne laistigh de Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear foireann in Oifig na nDíospóireachtaí, an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde, an tAonad Cumarsáide agus Rannóg an Aistriúcháin.