Urramaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais na cearta atá ag gach duine a úsáideann ár seirbhísí ar líne agus tá do phríobháideachas an-tábhachtach dúinn. Leagtar amach sa bheartas príobháideachais seo conas a dhéanaimid faisnéis a bhailiú agus a úsáid nuair a úsáideann tú an suíomh gréasáin seo, cuntais na meán sóisialta agus an aip.
Gheobhaidh tú eolas anseo faoi na nithe a leanas:
- Cathain a d’fhéadfadh Tithe an Oireachtais déileáil le do chuid faisnéise pearsanta
- Conas a dhéileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta
- Do chearta maidir le do chuid faisnéis phearsanta
- Na meáin shóisialta agus suíomhanna gréasáin tríú páirtí
- Faisnéis phearsanta íogair
- Beartas fianán
Cé atá ag eisiúint an fhógra seo agus an fáth a bhfuil sé á eisiúint
Is é Coimisiún Thithe an Oireachtais an comhlacht reachtúil a bhainistíonn agus a thacaíonn leis an obair agus na seirbhísí atá riachtanach le gur féidir le Tithe an Oireachtais feidhmiú. Go ginearálta, is í Seirbhís Thithe an Oireachtais an obair agus na seirbhísí a dhéantar thar ceann Choimisiún Thithe an Oireachtais, chomh maith leis na daoine a dhéanann iad. Ar an leathanach seo, tagraítear go ginearálta don dá cheann acu mar "an tSeirbhís". Is é Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2, seoladh na Seirbhíse. Is é an t-oifigeach cosanta sonraí de chuid na Seirbhíse an duine lena ndéanfar teagmháil de ghnáth maidir le nithe lena mbaineann an fógra príobháideachais seo.
Tá an tSeirbhís ag eisiúint an fhógra príobháideachais seo de thairbhe na ndualgas dá bhfuil uirthi faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Beidh feidhm ag an bhfógra príobháideachais seo ón dáta sin.
An t-oifigeach cosanta sonraí
Is í Jennifer McGrath Oifigeach Cosanta Sonraí na Seirbhíse. Is iad a leanas a sonraí teagmhála:
Jennifer McGrath
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
+353 1618 4712
dataprotection@oireachtas.ie
Míniú a thabhairt ar rialaitheoir agus próiseálaí
Ionas go bhféadfar cur síos a dhéanamh ar an méid a tharlóidh do do chuid faisnéis phearsanta nuair a úsáideann tú suíomh gréasáin Oireachtas.ie, caithfidh an tSeirbhís cúpla téarma dlí a mhíniú duit.
De ghnáth, socraíonn an tSeirbhís cad a tharlaíonn do do chuid faisnéis phearsanta, agus an chaoi a ndéileáiltear léi. Tugtar rialaitheoir na faisnéise pearsanta ar an tSeirbhís sa chás sin. Is í an tSeirbhís rialaitheoir do chuid faisnéis phearsanta más rud é, mar shampla, go soláthraíonn tú faisnéis phearsanta chun turas ar na Tithe a chur san áirithe, má chuireann tú ceist ar an Oifig Preasa, má chuireann tú ceist ar an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde, nó má liostálann tú dár bhfoláirimh ríomhphoist.
Ach uaireanta eile déileálann an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta thar ceann duine eile. Tugtar próiseálaí ar an tSeirbhís sa chás sin. Próiseálaí is ea an tSeirbhís ar fhormhór na faisnéise pearsanta a sholáthraíonn tú i gcásanna áirithe, mar shampla, nuair a chliceálann tú nasc ríomhphoist chuig Teachta, Seanadóir nó Coiste d'fhonn teachtaireacht a sheoladh chucu trí ríomhphost. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid a dhéanfaidh an Teachta, an Seanadóir nó an Coiste le do chuid faisnéis phearsanta, ní mór duit dul i gcomhairle le fógra príobháideachais an duine nó an Choiste chuí. Mar shampla, tá Fógra Príobháideachais ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal maidir le hachainí a chuirtear faoina bhráid.
Mar a fheicfidh tú thíos, coimeádann an tSeirbhís próiseálaithe freisin chun déileáil le faisnéis phearsanta thar a ceann. Go deimhin, uaireanta cuireann siadsan obair ar fochonradh chuig fophróiseálaithe. Tá gach ceann díobh sin faoi cheangal ag conradh leis an tSeirbhís chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile lena mbaineann a chosaint.
Údarás agus cead chun úsáid a bhaint as faisnéis phearsanta – coinníollacha ábhartha
Tá na forais ar a ndéileálfaidh an tSeirbhís le faisnéis phearsanta a bhaineann leatsa agus le daoine eile, chomh maith le roinnt samplaí coitianta, á leagan síos ag an tSeirbhís san fhógra príobháideachais seo. Ina theannta sin, tá an tSeirbhís do do chur ar an eolas faoi na coinníollacha a bhfuil feidhm acu (ar mhaithe le do phríobháideachas a chosaint go minic) maidir leis an gcaoi ar féidir léi déileáil le faisnéis phearsanta. Má thagann cúinsí neamhghnácha nach gclúdaítear san fhógra príobháideachais seo chun cinn, cuirfidh an tSeirbhís an méid sin in iúl duit go sonrach.
Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin Dáil100
Nuair a thugann tú cuairt ar www.dail100.ie, aisghabhtar go huathoibríoch roinnt faisnéise faoi do chuairt ar an suíomh gréasáin. Áirítear iad seo a leanas leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a aisghabháil:
- do sheoladh IP – sonraí sainaitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), a chuirtear in iúl mar chód prótacal Idirlín (IP) (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go bhféadfadh an seoladh bheith difriúil gach uair a dhéantar ceangal.
- na téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú
- na leathanaigh a bhfuair tú rochtain orthu ar an suíomh gréasáin agus na naisc a chliceáil tú
- an dáta agus an t-am ar thug tú cuairt ar an suíomh
- an suíomh (más ann dó) lenar tarchuireadh tú chuig an suíomh seo
- do chóras oibriúcháin (mar shampla Windows nó Mac)
- an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann tú (mar shampla Chrome, Internet Explorer, Mozilla Firefox)
- faisnéis eile, amhail do thaifeach scáileáin agus príomhtheanga do bhrabhsálaí.
Beidh an fhaisnéis staidrimh sin ar fáil do bhaill foirne na Seirbhíse, do chonraitheoirí nó do thríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí riaracháin agus/nó tacaíochta don suíomh gréasáin. Baintear leas as an bhfaisnéis chun tuarascálacha achoimre a ullmhú maidir le húsáid agus feidhmíocht na seirbhísí ar líne de chuid na Seirbhíse, agus chun cabhrú léi anailís agus feabhsú a dhéanamh ar inneachar agus ar fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin. Ní úsáideann an tSeirbhís aon chuid den fhaisnéis thuas chun cuairteoirí a aithint go pearsanta. Ní úsáidtear an fhaisnéis ach i bhfoirm chomhiomlán.
Nuair a sholáthraíonn tú sonraí ríomhphoist don tSeirbhís
Nuair a sholáthraíonn tú do sheoladh ríomhphoist don tSeirbhís i dtaca le rud éigin is féidir leis an tSeirbhís mar rialaitheoir a dhéanamh duit (féach thuas le haghaidh roinnt samplaí), ní úsáidfidh an tSeirbhís an fhaisnéis phearsanta sin ach amháin chun na críche a thuairiscítear ar an suíomh gréasáin. Baineann rialacha níos doichte le cineálacha áirithe faisnéise pearsanta a bhfuil faisnéis phearsanta íogair i gceist leo, cé gur dóichí nach mbeidh an cineál faisnéise pearsanta a thabharfaidh tú don tSeirbhís tríd an suíomh gréasáin seo íogair.
Forais eile chun déileáil le faisnéis phearsanta
Is ann d'fhorais eile ar a ndéileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta, ach ní dócha go dtiocfaidh siad chun cinn agus an suíomh gréasáin á úsáid agat. Mar shampla, déileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta i gcás ina n-éilítear an méid sin le dlí. Tá an tSeirbhís, mar chomhlacht poiblí, faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus, cé go mbíonn an cineál faisnéise pearsanta a sholáthraíonn tú le linn an suíomh gréasáin a úsáid díolmhaithe ó nochtadh faoin Acht sin de ghnáth, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh díolúine ann. Ina theannta sin, beidh ar an tSeirbhís déileáil le do chuid faisnéis phearsanta má fheidhmíonn tú cearta faoin dlí um chosaint sonraí. Déileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta i gcás inar gá sin chun éileamh dlíthiúil a chruthú (lena n-áirítear a imscrúdú), a fheidhmiú nó a chosaint, lena n-áirítear í a nochtadh dá comhairleoirí dlí agus in imeachtaí os comhair aon chúirt, binse, eadránaí, idirghabhálaí, nó eintiteas dá samhail is iomchuí. Tá cead ag an tSeirbhís déileáil le faisnéis phearsanta duine d'fhonn leasanna ríthábhachtacha an duine, nó duine éigin eile, a chosaint. Féadfaidh an tSeirbhís déileáil le faisnéis phearsanta ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil.
Conas a dhéileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta
Déantar an cineál faisnéise pearsanta a thugann tú don tSeirbhís mar rialaitheoir a choimeád laistigh den tSeirbhís de ghnáth, ach tá eisceachtaí ann. Mar shampla, úsáideann an tSeirbhís próiseálaí chun déileáil le do chuid faisnéis phearsanta nuair is gá sin chun foláirimh ríomhphoist a chur chugat, ar foláirimh iad a bhfuil tú cláraithe lena n-aghaidh. Tá MailChimp á fhostú ag an bpróiseálaí sin mar fhophróiseálaí faoi láthair. I gcásanna neamhchoitianta, féadfar do chuid faisnéis phearsanta a nochtadh do chomhairleoirí dlí na Seirbhíse, do dhaoine nó comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le díospóid dhlíthiúil, nó don Gharda Síochána.
Faisnéis a aistriú chuig tríú tíortha
Níos minice ná a mhalairt, déanfar faisnéis phearsanta lena mbaineann an fógra príobháideachais seo agus a ndéileálann an tSeirbhís léi a choimeád laistigh den Aontas Eorpach. Is eisceacht é an t-aistriú chuig MailChimp, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, áfach. D'fhéadfadh cásanna eile a bheith i gceist ó am go ham. Déantar foráil speisialta in aon chonradh idir an tSeirbhís agus próiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, nó próiseálaí a úsáideann fophróiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile ina leith a chosaint.
Faisnéis a choimeád
Maidir le faisnéis phearsanta, ní dhéanfaidh an tSeirbhís í a choimeád ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach chun na gcríoch a leagtar amach san fhógra príobháideachais seo, de réir a sceidil coimeádta, nó de réir mar a cheanglaítear leis an dlí, cibé acu is faide. Mar shampla, déantar faisnéis phearsanta a thugann tú don tSeirbhís i dtaca le foláirimh ríomhphoist a choimeád fad is atá tú liostáilte, ach scriostar í tar éis duit díliostáil. Coimeádtar fiosrúcháin i dtaobh na meán ar feadh cúig bliana.
Ag déileáil le faisnéis ar bhealaí eile
B'annamh a dhéileálfadh an tSeirbhís le faisnéis phearsanta chun aon chríche seachas an chríoch dá bhfuair sí an fhaisnéis. Más gá don tSeirbhís déileáil leis an bhfaisnéis ar bhealach eile, cuirfidh sé an méid sin in iúl duit sula ndéileálann sí léi.
Do chearta maidir le do chuid faisnéis phearsanta
Féadfaidh tú cóip de do chuid faisnéis phearsanta a iarraidh ar an tSeirbhís. Féadfaidh tú iarraidh ar an tSeirbhís do chuid faisnéis phearsanta a fhorlíonadh nó a cheartú má bhíonn sí neamhiomlán nó mícheart (nó as dáta). D'fhéadfá iarraidh ar an tSeirbhís faisnéis phearsanta a scriosadh, go háirithe má rinne tú do thoiliú (maidir leis an tSeirbhís a bheith ag déileáil leis an bhfaisnéis) a tharraingt siar nó mura mbíonn sí ag teastáil ón tSeirbhís a thuilleadh, nó gan déileáil léi de thuras na huaire, mar shampla, má cheapann tú go bhfuil sí mícheart. Má tá an tSeirbhís ag déileáil le do chuid faisnéis phearsanta ar bhonn do thoilithe, is gnách go bhféadfaidh tú éileamh ar an tSeirbhís í a chur ar aghaidh chuig duine éigin eile atá ainmnithe agat. Maidir leis an tSeirbhís a bheith ag déileáil le faisnéis phearsanta, a bhfuil sí ag déileáil léi i bhfeidhmiú údarás oifigiúil nó ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh tú agóid a dhéanamh ina choinne sin tráth ar bith. Tá an teidlíocht sin faoi réir mórán coinníollacha dlí, áfach, ag brath ar an bhfaisnéis phearsanta agus an fáth a bhfuil an tSeirbhís ag déileáil léi. Tá tú i dteideal gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú.
Sásamh
Mura mbíonn tú sásta leis an gcaoi a bhfuil an tSeirbhís ag déileáil le do chuid faisnéis phearsanta, féadfaidh tú do mhíshástacht a chur in iúl don Choimisiún Cosanta Sonraí.
Na meáin shóisialta
Tá láithreacht ag an tSeirbhís ar roinnt ardáin meán sóisialta, Twitter agus Facebook san áireamh. Má sheolann tú aon fhaisnéis, aon chumarsáid nó aon ábhair chuig an tSeirbhís trí ardán meán sóisialta, is ar do phriacal féin a dhéanfaidh tú amhlaidh agus ní bheidh aon ionchas príobháideachais ag gabháil leis sin. Ní féidir leis an tSeirbhís na rudaí a dhéanann úsáideoirí eile na n-ardán sin a rialú ná gníomhartha na n-ardán iad féin. Tá idirghníomhaíocht leis na gnéithe agus na hardáin sin á rialú le beartais phríobháideachais na gcuideachtaí a sholáthraíonn iad.
Suíomhanna gréasáin tríú páirtí
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin eile le fáil ar an suíomh gréasáin. Tá a mbeartais phríobháideachais féin ag suíomhanna gréasáin tríú páirtí agus is dóigh go n-úsáidfidh siad fianáin freisin. Molann an tSeirbhís duit beartas príobháideachais aon suímh gréasáin a dtugann tú cuairt air a léamh go cúramach.
Faisnéis phearsanta íogair
Ciallaíonn faisnéis phearsanta íogair faisnéis phearsanta faoi dhaoine (ó thaobh an mhéid seo a leanas de):
- cine
- cúlra eitneach
- tuairimí polaitíochta
- creideamh
- tuairimí fealsúnachta
- ballraíocht de cheardchumann
- géinte (oidhreacht bhitheolaíoch)
- sonraí bithmhéadracha (ar nós méarlorg ar phas)
- sláinte
- saol gnéis
- gnéaschlaonadh
- coimisiúnú cionta coiriúla líomhnaithe
- ciontuithe coiriúla
- a bheith faoi réir bearta slándála a bhaineann le cionta nó ciontuithe coiriúla
Beartas fianán
Cad is fianáin ann?
Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs. Is le suíomhanna gréasáin a chuirtear iad ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin áirithe a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. D'fhéadfadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith ag baint le do ghnásanna brabhsála ar an leathanach gréasáin nó le huimhir uathúil aitheantais a fhágann gur féidir leis an suíomh gréasáin cuimhneamh ort agus tú ag tabhairt cuairt ar an suíomh ina dhiaidh sin. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin. Ní bhaineann siad sin ach le hoibriú an tsuímh gréasáin, áfach. Go ginearálta, ní áirítear i bhfianáin aon fhaisnéis phearsanta ónar féidir thú a aithint, ach amháin i gcás gur thug tú faisnéis phearsanta don suíomh gréasáin.
[Is ionann brabhsálaí gréasáin agus an píosa bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí iad Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Google Chrome.]
Cathain agus cá háit a n-úsáideann suíomh gréasáin Thithe an Oireachtais fianáin?
Úsáideann Dail100.ie fianáin i roinnt áiteanna:
- Nuair a thugann tú cuairt ar Dail100.ie ar dtús, feiceann tú teachtaireacht ina dtugtar eolas duit faoi fhianáin. Má chliceálann tú an cnaipe Glac agus Dún, socróidh Oireachtas.ie fianán lena dtaifeadtar do shainrogha.
- Úsáidtear fianáin anailíseacha ó Google Analytics ar an suíomh gréasáin seo. Bailíonn na fianáin sin faisnéis. Úsáidtear an fhaisnéis chun cabhrú leis an tSeirbhís tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil úsáid á baint as a suíomh gréasáin agus chun d'eispéireas a fheabhsú. Ní bheidh ainm ar bith nasctha leis an bhfaisnéis go léir a bhailímid.
- Is féidir leat diúltú d'fhianáin Google Analytics am ar bith.
Fianáin tríú páirtí
Ní le Tithe an Oireachtais a bhaineann fianáin áirithe atá socraithe ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse. Má thugann tú cuairt ar leathanach ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse ar a bhfuil ábhar leabaithe ó shuíomh eile, YouTube mar shampla, d'fhéadfadh go mbeadh a fhianáin féin in úsáid ag an soláthraí seirbhíse sin. Ní rialaíonn an tSeirbhís úsáid na bhfianán sin – níl na fianáin inrochtana ach amháin ag an bpáirtí a shocraigh iad a chéaduair. Ba cheart duit na suíomhanna gréasáin tríú páirtí lena mbaineann a sheiceáil chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na fianáin sin.
Fianáin a rialú
Tá sé de cheart agat a roghnú cé acu a ghlacfaidh tú le fianáin nó a dhiúltóidh tú dóibh. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart duit dul go rialuithe do bhrabhsálaí gréasáin, áit ar féidir leat do shainroghanna maidir le fianáin a shocrú nó a leasú. Má chinneann tú fianáin a dhiúltú, beidh tú fós ábalta suíomh gréasáin na Seirbhíse a úsáid. Mar sin féin, d'fhéadfadh go mbeadh rochtain theoranta agat ar réimsí áirithe den suíomh. Toisc nach ionann do gach brabhsálaí an bealach inar féidir leat diúltú d'fhianáin trí rialuithe do bhrabhsálaí gréasáin, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar roghchlár 'Cabhair' do bhrabhsálaí chun tuilleadh faisnéise a fháil. D’fhéadfadh go bhfaighfeá tuilleadh faisnéise ag na naisc seo a leanas faoi conas is féidir fianáin a bhainistiú sna brabhsálaithe is coitianta.
Féadfaidh an tSeirbhís an beartas príobháideachais seo a athrú aon tráth agus ó am go ham.
Nuashonraithe go deireanach: 14 Nollaig 2018