Tá cóipcheart ag Tithe an Oireachtais ar fhormhór na faisnéise atá ar ár suíomh gréasáin, an reachtaíocht san áireamh, mura léirítear a mhalairt.
Tríú páirtithe
Bailíodh faisnéis ó líon ard comhlachtaí agus institiúidí as gach cearn de shochaí na hÉireann chun an fhaisnéis stairiúil uile atá le sonrú ar an suíomh gréasáin seo a thabhairt le chéile. Thug go leor institiúidí dá leithéid seo cead dúinn na doiciméid a bhfuil cóipcheart orthu a athchruthú, amhail grianghraif, físeáin, litreacha, dialanna, cuntais ó bhéal, léarscáileanna agus tuarascálacha. Go háirithe, thug Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Chartlann Náisiúnta cead dúinn neart doiciméad éagsúil a úsáid d’fhonn an suíomh gréasáin seo a fhorbairt.
Thug na tríú páirtithe cead do Thithe an Oireachtais na hábhair seo a úsáid ar an suíomh gréasáin seo amháin, agus níl cead ag aon duine, eintiteas nó institiúid eile na hábhair seo a athúsáid, a chóipeáil nó a athrú chun aon chríche eile.
Tá nóta maidir le cóipcheart taobh leis an gcuid is mó de na doiciméid atá ar an suíomh gréasáin seo, le cuidiú leis an bpobal teagmháil a dhéanamh leis an institiúid chuí chun cead a iarraidh na hábhair a athúsáid. Ní hionann, áfach, gan aon nóta a bheith ceangailte d’ábhar agus a rá nach bhfuil cóipcheart ag tríú páirtí ar an ábhar sin. Sula bhféachann tú le haon chuid den suíomh gréasáin seo a athúsáid, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Tithe an Oireachtais lena fháil amach cé acu atá cóipcheart ag an Oireachtas nó ag tríú páirtí ar phíosa ar leith.
Níl Tithe an Oireachtais freagrach as aon duine a sháraíonn cóipcheart an tríú páirtí trí ábhair atá ar an suíomh gréasáin seo a athúsáid, a chóipeáil nó a athrú.
Tá cóipcheart ag an Oireachtas ar aon ábhar ar an suíomh gréasáin nach bhfuil cóipcheart ag tríú páirtí air, agus féadtar plé leis de réir mar atá leagtha amach thíos.
Coipcheart an Oireachtais
Comhlíonann Tithe an Oireachtais Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) 2005 go 2015, agus spreagann siad athúsáid na faisnéise a tháirgimid chun críoch tráchtála agus neamhthráchtála. Folaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile, chomh maith le taighde agus staidéar. Tá cead agat an fhaisnéis cóipchirt seo a athúsáid saor in aisce, agus i bhformáid ar bith. Tá an cead faoi réir coinníollacha arna leagan amach inár gceadúnais athúsáide de chuid an Oireachtais.
Tá bunús na faisnéise sin faoi réir Cheadúnas PSI an Oireachtais (Sonraí Oscailte), a chuireann Ceadúnas Idirnáisiúnta Sannta Creative Commons 4.0 i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil ach fíorbheagán srianta ar an gcaoi a bhféadfaidh tú í a athúsáid. Faoi théarmaí Cheadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais, tharscaoileamar aon cheanglas a bheadh ort, faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid, iarratas foirmeálta a dhéanamh chugainn chun cead a fháil faisnéis a bheadh clúdaithe faoin gceadúnas sin a athúsáid. Ach mar sin féin ní mór duit:
- Tithe an Oireachtais a aithint mar chruthaitheoir an ábhair cheadúnaithe agus cóipcheart na dTithe a aithint;
- fógra cóipchirt na dTithe a choimeád;
- tagairt a dhéanamh do Cheadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais agus nascadh leis más féidir; agus
- gach séanadh a sholáthraíonn na Tithe a choimeád.
Ceadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais
Meastar nuair a athúsáideann tú an fhaisnéis go bhfuil tú ag glacadh leo seo agus le téarmaí eile Cheadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais.
Imeachtaí craolta
Baineann saincheadúnas faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid le craoltaí imeachtaí Oireachtais a athúsáid, lena n-áirítear imeachtaí coiste. Is é sin Ceadúnas PSI (Imeachtaí Craolta) an Oireachtais. Folaíonn an téarma imeachtaí craolta, i ndáil le himeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas, nó i gcoiste, closábhar agus físábhar, íomhánna socra agus íomhánna gluaisteacha, agus craoladh na n-imeachtaí ar an idirlíon. Ní mór duit iarratas ar chead a dhéanamh chugainn ar mhaithe leis an bhfaisnéis lena mbaineann an Ceadúnas seo a athúsáid. Má thugtar an cead sin duit, beidh sé faoi réir an Cheadúnais. Faoin gCeadúnas, ní mór duit:
- an fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile, trí chomhartha uisce a chur le haon phíosa scannánaíochta físeáin agus/nó trí aon chomharthaí uisce atá ann cheana féin a choinneáil más féidir
- an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn agus gan í a úsáid ar bhealach míthreorach
- gan an fhaisnéis a athúsáid i gcláir siamsaíochta éadroime, i gcláir aoire polaitiúla, ná i gcraoltaí páirtí polaitíochta
- gan an fhaisnéis a úsáid más é an príomhchuspóir atá léi fógraíocht a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís áirithe nó táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn, lena n-áirítear í a úsáid ag comhdhálacha nó cruinnithe páirtí, nó in ábhar bolscaireachta páirtí, nó a leithéid (más i gcraoladh a dhéanfar an athúsáid, féadfaidh tú sleachta a chur i réamhfhógráin do chláir nuachta agus cúrsaí reatha)
- a chinntiú go bhfuil aon athúsáid cothrom ó thaobh na polaitíochta de agus nach dtarraingíonn sí míchlú ar imeachtaí an Oireachtais
- maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar leabú píosaí scannánaíochta ó do shuíomh gréasáin chun a chur faoi deara go gcomhlíonfaidh úsáideoirí na bpíosaí scannánaíochta na téarmaí agus na coinníollacha céanna.
Ceadúnas PSI (Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais
Baineann saincheadúnas faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid le craoltaí imeachtaí Oireachtais a athúsáid, lena n-áirítear imeachtaí coiste.
Reachtaíocht agus Cíona Lae
Gan trácht ar chúrsaí cóipchirt, is cionta tromchúiseacha iad leagan míchruinn den reachtaíocht, nó go fiú cóip a bhfuil an chuma uirthi gurb í an leagan oifigiúil í agus nach ea, a tháirgeadh nó a úsáid. Is é foinse oifigiúil na reachtaíochta imleabhair cheangailte Achtanna an Oireachtais agus na nIonstraimí Reachtúla, 1922 go dtí an lá inniu, arna bhfoilsiú faoi údarás reachtúil. Má fhoilsíonn tú leagan de théacs reachtaíochta, ní foláir duit séanadh a chur leis á rá nach é téacs oifigiúil an Achta é ná athráiteas oifigiúil. Maidir le Cín Lae na nImeachtaí oifigiúil de chuid Dháil Éireann nó de chuid Sheanad Éireann, is é an leagan a fhoilsítear i gcóip chrua faoi údarás reachtúil an leagan oifigiúil.
Séanadh
Níl Tithe an Oireachtais faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní thugtar le fios i bhfoilsiú na reachtaíochta ar ár suíomh gréasáin go raibh ná go bhfuil aon fhoráil ar leith i reacht i bhfeidhm. Ní údaraíonn Tithe an Oireachtais aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith aige chun a bhfaisnéis a athúsáid.
Tuilleadh faisnéise
I gcomhair liosta iomlán den fhaisnéis a choinníonn Tithe an Oireachtais, féach an rannán Saoráil Faisnéise againn. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid faisnéise a choinníonn Tithe an Oireachtais, téigh i dteagmháil lenár nAonad Cumarsáide.
Sonraí teagmhála
An tAonad Cumarsáide
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire
communications@oireachtas.ie
+353 (0)1 618 3066