Beidh comhdháil lae ar bun ag Acadamh Ríoga na hÉireann i gcomhar le Tithe an Oireachtais le comóradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain ó bunaíodh Dáil Éireann.
Beidh an chomhdháil ar siúl le linn na seachtaine a bheidh cothrom le 100 bliain ón olltoghchán a reáchtáladh ar an 14 Nollaig 1918. Cuirfidh sé seo tús le clár imeachtaí an Rialtais chun 100 bliain de Dháil Éireann, a shuigh den chéad uair i dTeach an Ardmhéara ar an 21 Eanáir 1919, a chomóradh.
Beidh Stephen Collins agus Olivia O’Leary ina gcathaoirligh ar phlé na maidine. Déanfaidh siad beirt cathaoirleacht ar phlé le painéalaithe léinn a bhfuil saineolas acu i gcúrsaí rialtais, polaitíochta agus staire. Pléifidh painéalaithe ag an gcomhdháil bunús, tabhairt le chéile, éabhlóid agus forbairt Dháil Éireann.
Beidh comhráite ann ar ball le polaiteoirí ar nuálaíochtaí sa Dáil le deireanaí agus an todhchaí atá roimpi agus í ag tabhairt aghaidh ar a dara céad ar an bhfód.
Ar deiridh, pléifidh baill ó na meáin dearcthaí comhaimseartha an phobail faoi Dháil Éireann.