• Nuacht
  • Teagmháil
  • English
Dail 100
  • Daoine
  • Díospóireachtaí
  • Scéalta fada
  • Imeachtaí
  • Oideachas
  • Seoda

Suí Speisialta chun Céad Bliain de Dháil Éireann a Chomóradh

Dáta / Am / Ionad

Dáta

Dé Luain, 21 Ean 2019

Am

3:30 - 5:00 pm

Ionad

Teach an Ardmhéara, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2

Féach ar an Amlíne

:: Scrollaigh chun féachaint ar an bhfíseán


Ócáid dheasghnách, ina trí chuid, i dTeach an Ard-Mhéara chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain thionól na Chéad Dála

Beidh ócáid dheasghnách, ina trí chuid, (Cuid 1: Aitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn. Cuid 2: Ábhair mhachnaimh don chomóradh céad bliain, agus Cuid 3: Comhshuí de dhá Theach an Oireachtais) sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara, Dé Luain, an 21ú Eanáir 2019 chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain an chéad tionóil phoiblí de Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919.

Is é cuspóir na hócáide onóir a thabhairt do mhisneach agus d’íobairt na ndaoine a bhunaigh an chéad Dáil, a thuiscint go gcónaíonn muintir na hÉireann i dtír dhaonlathach agus gealltanas a thabhairt struchtúir agus luachanna an daonlathais a chaomhnú in Éirinn don 100 bliain amach romhainn.
Ina measc siúd a bheidh i láthair ag an ócáid beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, agus Sabina Uí Uiginn, Uas. ina theannta (ní bheidh an tUachtarán Ó hUiginn agus Bean Uí Uiginn i láthair ach amháin le haghaidh Chodanna 1 agus 2); comhaltaí de Thithe an Oireachtais; daoine de shliocht na gcomhaltaí a toghadh chun na chéad Dála; Spéicéirí agus Leas-Spéicéirí ó pharlaimintí náisiúnta de chuid AE agus ó pharlaimintí náisiúnta eile; breithiúna; comhaltaí den chór taidhleoireachta agus cuairteoirí oirirce.

Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn príomhaitheasc chun cothrom céad bliain an chéad suí de Dháil Éireann a chomóradh - ceann de na príomhimeachtaí arna gcomóradh le linn na nDeich mBliana de Chomórthaí Céad Bliain.

I rith a chéad téarma in oifig, bhí an tUachtarán Ó hUiginn i gceannas ar an gcomóradh a rinneadh ar an-chuid imeachtaí suntasacha a tharla le linn na tréimhse 1912-1916, agus le linn dó ócáid Dháil 100 a aitheasc, spreagfaidh an tUachtarán muintir na hÉireann chun céad bliain ár ndaonlathais a chomóradh agus chun machnamh a dhéanamh ar an stair chomhroinnte atá againn, ar a bhfuil bainte amach againn agus ar ár gcuid teipeanna.

Dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, “Ócáid fhíorthábhachtach i stair na hÉireann ba ea an chéad chruinniú poiblí de Dháil Éireann a raibh ar intinn leis a thaispeáint don domhan go raibh Éire ag bogadh ó réabhlóid mhíleata 1916 go dtí réabhlóid pharlaiminteach. Tionóladh an suí d’fhonn féinchinneadh na hÉireann a chur i dtuiscint don domhan agus d’fhonn idéil na Faisnéise Neamhspleáchais a chumhdach i nDáil Éireann - idéil a bhfuilimid fós bródúil astu. Déanfaidh Tithe an Oireachtais cothrom céad bliain dioscúrsa pholaitiúil, díospóireachta agus reachtóireachta i nDáil Éireann a chomóradh i gcaitheamh na bliana atá amach romhainn.”

“Is léiriú ar 100 bliain de dhaonlathas gan bhriseadh an comóradh deasghnách a thionólfar i dTeach an Ard-Mhéara. Tosóidh an ócáid le haitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn. Is mór an onóir dúinn an tUachtarán Ó hUiginn a bheith farainn agus sinn ag ceiliúradh na hócáide speisialta seo. Is áthas linn leis fáilte a chur roimh dhaoine muinteartha 16 chomhalta den chéad Dáil. Léifidh Cathal McSwiney Brugha, garmhac leis an gcéad Cheann Comhairle, Cathal Brugha, TD, mír a léireoidh tuairimí duine dá shliocht.”

“Is deis é an comóradh seo chun onóir a thabhairt do chuimhne na bhfear agus na mban a throid ar son shaoirse na hÉireann agus a leag bunchloch an daonlathais pharlaimintigh atá againn. Tá Dáil Éireann ag dréim le leas mhuintir uile na hÉireann a dhéanamh ó 1919 i leith. Leis an gcomóradh céad bliain seo, tugtar deis dúinn, na saoránaigh, machnamh a dhéanamh ar an daonlathas parlaiminteach a d’fhág siad le hoidhreacht.”

Déanfar an ócáid a chraoladh beo ar Oireachtas TV ó 3.30 p.m. – 5.30 p.m. agus beidh trí chuid i gceist léi:
Cuid 1: Aitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn.
Cuid 2: ‘Ábhair Mhachnaimh don Chomóradh Céad Bliain’.
Cuid 3: Comhshuí agus Dearbhú Comórtha Céad Bliain.

 

Féach ar an gcomóradh deasghnách

Is féidir féachaint ar an ócáid dheasghnách 2 uair an chloig a bhí ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath anseo

Dáil100 Ceremonial Centenary Event
The Round Room at the centenary commemoration in the Mansion House, 21 Jan 2019
Descendants of Members of the First Dáil meet President Higgins and his wife, Sabina.
Natalya O'Flaherty performs excerpts from The Democratic Programme
The Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, chairs the centenary event
Actors, Áine Ní Laoghaire and Donncha Crowley, recite the Declaration of Independence
President Michael D. Higgins gives the keynote address at the centenary commemoration
  • Daoine
  • Díospóireachtaí
  • Scéalta fada
  • Imeachtaí
  • Oideachas
  • Seoda

Tionscnamh de chuid Thithe an Oireachtais is ea Dáil100. Déantar comóradh leis ar chothrom 100 bliain thús an phlé pholaitiúil, na díospóireachta agus na reachtóireachta i nDáil Éireann.

  • Maidir linn
  • Nuacht
  • Cóipcheart
  • Beartas Príobháideachais
  • Teagmháil