:: Scrollaigh chun féachaint ar an bhfíseán
Ócáid dheasghnách, ina trí chuid, i dTeach an Ard-Mhéara chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain thionól na Chéad Dála
Beidh ócáid dheasghnách, ina trí chuid, (Cuid 1: Aitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn. Cuid 2: Ábhair mhachnaimh don chomóradh céad bliain, agus Cuid 3: Comhshuí de dhá Theach an Oireachtais) sa Seomra Cruinn i dTeach an Ard-Mhéara, Dé Luain, an 21ú Eanáir 2019 chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain an chéad tionóil phoiblí de Dháil Éireann an 21 Eanáir 1919.
Is é cuspóir na hócáide onóir a thabhairt do mhisneach agus d’íobairt na ndaoine a bhunaigh an chéad Dáil, a thuiscint go gcónaíonn muintir na hÉireann i dtír dhaonlathach agus gealltanas a thabhairt struchtúir agus luachanna an daonlathais a chaomhnú in Éirinn don 100 bliain amach romhainn.
Ina measc siúd a bheidh i láthair ag an ócáid beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, agus Sabina Uí Uiginn, Uas. ina theannta (ní bheidh an tUachtarán Ó hUiginn agus Bean Uí Uiginn i láthair ach amháin le haghaidh Chodanna 1 agus 2); comhaltaí de Thithe an Oireachtais; daoine de shliocht na gcomhaltaí a toghadh chun na chéad Dála; Spéicéirí agus Leas-Spéicéirí ó pharlaimintí náisiúnta de chuid AE agus ó pharlaimintí náisiúnta eile; breithiúna; comhaltaí den chór taidhleoireachta agus cuairteoirí oirirce.
Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn príomhaitheasc chun cothrom céad bliain an chéad suí de Dháil Éireann a chomóradh - ceann de na príomhimeachtaí arna gcomóradh le linn na nDeich mBliana de Chomórthaí Céad Bliain.
I rith a chéad téarma in oifig, bhí an tUachtarán Ó hUiginn i gceannas ar an gcomóradh a rinneadh ar an-chuid imeachtaí suntasacha a tharla le linn na tréimhse 1912-1916, agus le linn dó ócáid Dháil 100 a aitheasc, spreagfaidh an tUachtarán muintir na hÉireann chun céad bliain ár ndaonlathais a chomóradh agus chun machnamh a dhéanamh ar an stair chomhroinnte atá againn, ar a bhfuil bainte amach againn agus ar ár gcuid teipeanna.
Dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, “Ócáid fhíorthábhachtach i stair na hÉireann ba ea an chéad chruinniú poiblí de Dháil Éireann a raibh ar intinn leis a thaispeáint don domhan go raibh Éire ag bogadh ó réabhlóid mhíleata 1916 go dtí réabhlóid pharlaiminteach. Tionóladh an suí d’fhonn féinchinneadh na hÉireann a chur i dtuiscint don domhan agus d’fhonn idéil na Faisnéise Neamhspleáchais a chumhdach i nDáil Éireann - idéil a bhfuilimid fós bródúil astu. Déanfaidh Tithe an Oireachtais cothrom céad bliain dioscúrsa pholaitiúil, díospóireachta agus reachtóireachta i nDáil Éireann a chomóradh i gcaitheamh na bliana atá amach romhainn.”
“Is léiriú ar 100 bliain de dhaonlathas gan bhriseadh an comóradh deasghnách a thionólfar i dTeach an Ard-Mhéara. Tosóidh an ócáid le haitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn. Is mór an onóir dúinn an tUachtarán Ó hUiginn a bheith farainn agus sinn ag ceiliúradh na hócáide speisialta seo. Is áthas linn leis fáilte a chur roimh dhaoine muinteartha 16 chomhalta den chéad Dáil. Léifidh Cathal McSwiney Brugha, garmhac leis an gcéad Cheann Comhairle, Cathal Brugha, TD, mír a léireoidh tuairimí duine dá shliocht.”
“Is deis é an comóradh seo chun onóir a thabhairt do chuimhne na bhfear agus na mban a throid ar son shaoirse na hÉireann agus a leag bunchloch an daonlathais pharlaimintigh atá againn. Tá Dáil Éireann ag dréim le leas mhuintir uile na hÉireann a dhéanamh ó 1919 i leith. Leis an gcomóradh céad bliain seo, tugtar deis dúinn, na saoránaigh, machnamh a dhéanamh ar an daonlathas parlaiminteach a d’fhág siad le hoidhreacht.”
Déanfar an ócáid a chraoladh beo ar Oireachtas TV ó 3.30 p.m. – 5.30 p.m. agus beidh trí chuid i gceist léi:
Cuid 1: Aitheasc ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn.
Cuid 2: ‘Ábhair Mhachnaimh don Chomóradh Céad Bliain’.
Cuid 3: Comhshuí agus Dearbhú Comórtha Céad Bliain.