Dá mbeadh Dáil Éireann ag iarraidh go n-éireodh lena plean uaillmhianach neamhspleáchas a bhaint amach in ainneoin naimhdeas rialtas na Breataine, ba léir go mbeadh gá le go leor airgid a bhailiú – agus a chaitheamh.
Ba léir chomh maith go mbeadh Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Westminster go láidir in aghaidh aon iarrachtaí tiomsaithe airgid.
Gan amhras, bheadh costas mór ag baint le dhá phríomhghné an fheachtais shibhialta ag tacú leis an bPoblacht – achainí ar chomhdháil síochána Versailles agus forbairt frithstáit rúnda. Chomh maith leis sin, dá n-éireodh le ceachtar den dá ghné sin, an dara ceann go háirithe, bheadh gá le tuilleadh caiteachais arís. Maidir le maoiniú ghné míleata an fheachtais, le linn dhara cruinniú na Dála, an 22 Eanáir 1919, ainmníodh agus faomhadh Aire Cosanta Náisiúnta, Richard Mulcahy, mar chomhalta lárnach den chéad Aireacht. Comhartha glan soiléir ab ea é sin gur ar aidhmeanna míleata a ndíreofaí cuid den airgead a bhaileodh an Dáil.