Bhí an plean chun aitheantas idirnáisiúnta a lorg maidir le Poblacht neamhspleách na hÉireann mar chuid lárnach den straitéis a raibh an Chéad Dáil ag gabháil di.
Bhíothas ag imeacht ón traidisiún ceannairceach agus ba mhór an t-athrú é sin, bhí tráth ann ina ndearnadh iarracht neamhspleáchas mar sin a bhaint amach ar bhealaí míleata. Bhíothas ag imeacht freisin ón mbeartas a bhí ag Sinn Féin an chéad lá riamh. Ag úsáid an fhasaigh a tháinig le scaradh na hUngáire ó cheannasaíocht na hOstaire, thug an chéad bheartas bunaidh sin tús áite do ghníomh polaitiúil ag baile agus struchtúir an stáit a thógáil ón taobh istigh. Bhí sé i gceist ag Sinn Féin ar na bealaí sin scaradh ón mBreatain ach gan diúltú amach is amach don Choróin.
Tharla an t-athrú meoin toisc gur tuigeadh an uair sin go raibh teipthe ar bhonn míleata ar Éirí Amach 1916 agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí aon éirí amach den chineál sin go gairid ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, bhí deiseanna nua ag teacht chun cinn de réir mar a bhí an Chéad Chogadh Domhanda ag dul ar aghaidh, ní hamháin d’Éirinn ach don chuid mhaith náisiúntachtaí eile i lár agus in oirthear na hEorpa a bhí ar thóir saoirse ó smacht na gcumhachtaí impireachta.