Ar ócáid chéad suí Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919, chuaigh na scórtha nuachtán ar fud ríocht easaontaithe san iomaíocht lena chéile chun tuairisc a thabhairt ar an rud ar a dtugtar go minic “the first draft of history.”
Ó Londain go Baile Átha Cliath, ó Bhéal Feirste go Corcaigh, ó Dhoire go Ciarraí, rinne tuairisceoirí agus eagarthóirí a seacht ndícheall tuiscint a fháil ar an ócáid seo nár tharla a leithéid riamh roimhe sin. Rinne siad dian-iarrachtaí freisin an toradh ar dhócha a bheadh uirthi a thuar.
Ar thaobh amháin, d’fhógair tréimhseacháin náisiúnacha Éireannacha “a new epoch”, agus iad lán dóchais. Ar an taobh eile, thuairiscigh na nuachtáin a bhí dílis do status quo na Breataine gaiscí “futile and unreal” na reibiliúnach.
Ag breathnú siar céad bliain níos moille, faightear léargas ar an iarracht mhór a rinne an dream a bhí ag breathnú ar imeachtaí an lae sin, cé acu ar Poblachtaigh nó Aontachtaithe iad, dul i ngleic le suntas an chéad lae chinniúnaigh sin sa Chéad Dáil.