D’fhéadfaí an méid a tharla i dTeach an Ard-Mhéara ar an 21 Eanáir 1919 a úsáid mar sainmhíniú beacht ar cheannairc. Ábhar iontais é ar bhealach gur lig údaráis na Breataine in Éirinn don chéad chruinniú de chuid Dháil Éireann tarlú ar chor ar bith.
Roimhe sin, seans go dtuillfeadh sin téarma príosúin do na rannpháirtithe, nó rud éigin níos measa fiú. Gníomh thar a bheith dána a bhí ann. Níor tionóladh an cruinniú i gcúlseomra dorcha éigin i dteach tábhairne tuaithe iargúlta ach i gceann de na foirgnimh ba ghalánta i bpríomhchathair na tíre. Ní rud rúnda a bhí sa chruinniú ar chor ar bith; tionóladh é go follasach agus preas an domhain i láthair. Ní cúpla duine nach raibh aithne orthu a bhí sna rannpháirtithe ach ionadaithe poiblí an náisiúin – iad siúd a bhí fágtha saor ag lucht na Breataine ar aon nós.
Ábhar ní b’iontaisí, d’fhéadfá a rá gur ullmhaigh an córas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath bealach na bpoblachtach go dtí Teach an Ard-Mhéara. Bhí an fhoráil sa Defence of the Realm Act lena éilíodh cead ón Rialtas le haghaidh cruinnithe poiblí den sórt sin díreach cúlghairthe ag údaráis an Chaisleáin. Rinne an Cumann Lúthchleas Gael neamhaird den cheanglas sin nuair a d’eagraigh siad clár náisiúnta cluichí ar “Dhomhnach na nGael” cúig mhí roimhe sin. Ba chosúil nach raibh fonn ar na húdaráis é a fhorfheidhmiú an t-am sin.
Ceapadh Príomh-Rúnaí nua, Ian Macpherson, níos lú ná coicís roimhe sin. Chinn sé gan leas a bhaint as aon cheann dá iliomad cumhachtaí chun an cruinniú a chur faoi chois. Is deacair a bheith iomlán cinnte faoin gcúis a bhí aige leis sin. Seans gur eascair sé as drochmheas ar an gcúis phoblachtach féin. Seans gur chreid Macpherson nach raibh sé de chumas ag na daoine a bhí freagrach as na himeachtaí a eagrú an beart a dhéanamh i gceart agus go dtarraingeoidís míchlú orthu féin agus ar an bhfeachtas dá dtabharfaidís faoi. Seans go raibh sé buartha go gcruthódh cur faoi chois drochphoiblíocht tráth a raibh aird an domhain dírithe – le spreagadh mór ón mBreatain féin – ar cheist an fhéinchinntiúcháin náisiúnta. De bharr go raibh an Príomh-Aire agus go leor dá chomhghleacaithe sinsearacha i bPáras don Chomhdháil Síochána, d’fhéadfadh go raibh easpa treorach ó Londain ar cheann de na cúiseanna leis an gcinneadh freisin.
Pé cúis a bhí leis, d’éirigh thar barr leis an lá do na poblachtaigh, a d’eagraigh imeachtaí an lae go han-mhaith, agus cúlú ceart a bhí ann don Rialtas. Nuair a chualathas faoi na himeachtaí i Sulchóid Bheag an lá céanna, cuireadh ceist níos géire faoi bhreithiúnas Macpherson. Níor tháinig sé chuige féin ó thaobh a cháile de agus cuireadh duine eile ina áit i ndiaidh dó níos lú ná 16 mhí a chaitheamh sa phost.