Rinne An Chartlann Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Thithe an Oireachtais, digitiú ar chnuasach taifead ó thréimhse tosaigh Dháil Éireann. Tugtar léargas suntasach dúinn sna doiciméid seo ar obair na Chéad Dála agus a cuid oifigí ó lá go lá. Seo sampla beag den chartlann. Tá an bailiúchán iomlán ar fáil ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann.