Tabharfar léargas ar ról na gcéad chomhaltaí de Dháil Éireann mar chuid de Thaispeántas Chothrom Céad Bliain Dháil Éireann i Halla Minor Ollscoil Uladh, Campas Mhic Aoidh, Doire. Beidh an taispeántas ar siúl ó Dé Sathairn, 11 Eanáir go dtí Dé Domhnaigh, 26 Eanáir, agus beidh an oscailt fhoirimiúil ann Dé Luain, 20 Eanáir ar 9.30a.m. Is í Doire-Londonderry an ceathrú suíomh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na Gaillimhe, Chorcaigh agus Bhéal Feirste ina n-óstófar ‘Dáil 100’.
Is cuid de chlár imeachtaí seoladh an taispeántais ar Champas Mhic Aoidh Ollscoil Uladh atá ceaptha chun céadtionól poiblí Dháil Éireann in 1919 a chomóradh. Cuirfear i láthair é i bpáirt le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus Roinn Gnóthaí Eachtracha Rialtas na hÉireann.
Mar chuid den taispeántas, beidh taispeántas grianghraf, seastáin faisnéise agus ‘both grianghraf’ inar féidir le daoine den phobal a ngrianghraf féin a ghlacadh agus Seomra na Dála ar a gcúl. Is é Propast Ollscoil Uladh, Malachy O’Neill a sheoladh an ócáid go foirmiúil Dé Luain.
Beidh dhá aitheasc ann freisin ón Dr Eamon Phoenix, staraí agus ón Dr Adrian Grant, staraí, ina leagfar amach comhthéacs áitiúil thoghchán 1919 agus na hiarmhartaí don réigiún. An 21 Eanáir 2019 ceiliúradh 100 bliain ó chéadtionól poiblí Dháil Éireann, de bhun toghcháin uile-oileánda in 1918.
Agus clabhsúr a chur ar thuras bliana, fiosrófar sa taispeántas seo 100 bliain de stair dhaonlathach chomhroinnte, an ról a bhíonn ag daonlathas parlaiminteach agus an tionchar a bhíonn ag an daonlathas ar an domhan sa lá atá inniu ann.
Is cuid de shraith ócáidí í cuairt an taispeántais réigiúnaigh chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain de Dhaonlathas Parlaiminteach na hÉireann agus chun eolas a thabhairt don phobal i gcoitinne faoi ról agus tábhacht Pharlaimint na hÉireann.
Tríd an taispeántas seo a thabhairt go Doire-Londonderry, tá Tithe an Oireachtais ag tógáil ar laethanta oscailte lán-subscríofa ar bhain óg agus críonna taitneamh astu i dTeach Laighean i mí Eanáir anuraidh.
Leirítear sa taispeántas na bealaí éagsúla inar tháinig athrú agus forbairt ar obair Dháil Éireann ó na laethanta tosaigh sin.
Seoladh céadtionól poiblí Dháil Éireann sa Seomra Cruinn, i dTeach an Ard-Mhéara an 21 Eanáir 1919.
Tugadh cuireadh do na comhaltaí tofa uile freastal ar an gcéadtionól sin ach níor fhéad gach comhalta nó níor mhian le gach comhalta freastal, i bhfianaise na gcúinsí polaitiúla casta an tráth sin.
Ar an lá bhí 27 gcomhalta i látháir i dTeach an Ard-Mhéara. D’fhógair siad neamhspleáchas na hÉireann, d’iarr siad aitheantas idirnáisiúnta do shaoirse na hÉireann agus thug siad faoi Stát a thógáil.