"Is féidir an tuairisceoireacht ghearrscríbhneoireachta a rianú siar chuig an seanam agus bhí sí ar ceann de na gairmeacha ba chontúirtí sa tSean-Róimh, áit ar ordaigh an tImpire Severus go luath sa 3ú haois, agus é ag trácht ar aon tuairisceoir gearrscríbhneoireachta a dhéanfadh earráid agus é ag tuairisciú ar chás cúirte, 'gur cheart teannáin na láimhe deise a ghearradh agus é a dhíbirt ón impireacht go deireadh a shaoil'. Níl aon taifead ar phionós chomh dian seo á ghearradh ar fhoireann tuairisceoireachta na dTithe, ach sin ráite, níl aon iomrá ar earráidí ar bith ach an oiread."
An Ceann Comhairle, Séamus Pattison, Iúil 2001