Oíche Chultúir: Turas Timpeall ar Theach Laighean
An Oíche Chultúir seo, glac páirt i dturas speisialta #Dáil100 timpeall ar Theach Laighean, an áit a bhfuil an tOireachtas, parlaimint na hÉireann, suite.
Feicfidh tú seomraí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann chomh maith le taispeántas speisialta faoi stair an Oireachtais ina mbeidh íomhánna aitheanta a bhaineann le 100 bliain de Dháil Éireann. Beidh aisteoirí ann chun beocht a chur sa scéal agus cuirfear ceol ar fáil um thráthnóna.
Beidh turas ar siúl gach 15 nóiméad ó 5pm go 9.45pm.
Beidh cead isteach saor in aisce ach ní foláir ticéad a chur in áirithe roimh ré. Beidh ticéid ar fáil ó Eventbrite Dé Máirt, an 6 Lúnasa.
Maidir le Teach Laighean
Ba é James Fitzgerald, an Chéad Diúc Laighean, a thóg Teach Laighean i lár an 18ú aois. Cheannaigh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath é sa bhliain 1815 agus sa bhliain 1924 cheannaigh an Stát Teach Laighean ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus bhí an tOireachtas in ann tosú ar an Teach a chur in oiriúint dá chuid riachtanas. Tá móroibreacha caomhnaithe agus athchóirithe ar siúl sa Teach Seoirseach bunaidh faoi láthair chun an foirgneamh seo, atá tábhachtach ó thaobh na staire agus na hailtireachta de, a chaomhnú.