Bhí cineálacha éagsúla parlaiminte in Éirinn le himeacht na mblianta, agus ba é “Parlaimint Gratton” idir 1782 agus 1800 an ceann deiridh díobh.
Thagadh Parlaimint Gratton le chéile sa chéad teach parlaiminte a tógadh go sainiúil do pharlaimint ar domhan, foirgneamh a raibh dhá sheomra ann ar Fhaiche an Choláiste, Baile Átha Cliath. Cuireadh deireadh leis an bparlaimint agus bhí an easpa parlaiminte ina príomhúdar cainte i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann ar feadh níos mó ná céad bliain ina dhiaidh sin.