Múnla Westminster
Cloistear go minic gur úsáid na poblachtaigh múnla Westminster agus iad ag socrú gnéithe de modus operandi na Dála, agus gur baineadh an bonn ó loighic na scarúnaithe leis sin. Is áibhéil é seo. Bhí roinnt de na hábhair nós imeachta (buan-orduithe go háirithe) coitianta i dtionóil ionadaíocha éagsúla ag an am agus níor bhain siad le parlaimint Londan amháin. Bhí siad cúramach agus críonna ag úsáid nósanna seanbhunaithe, seanphrofa, a bhí ar fáil dóibh, go háirithe mar bhain an oiread sin rudaí nua leis an tionscnamh seo cheana féin. Ba mheascán iontach é seo de chríonnacht, de dhánacht, de chumas agus de shamhlaíocht. Ba léir go raibh athrú ag teastáil ó mhuintir na hÉireann agus bhí siad neirbhíseach chomh maith go mbeadh tubaiste shóisialta ann cosúil leis sin a thit amach sa Rúis.
Bhain an Dáil úsáid as focail agus bearta Sasanacha chun an bonn a bhaint d’údarás na Breataine in Éirinn chomh maith. Glacadh seilbh ar an mbolscaireacht faoi “chogadh cothrom” a d’úsáid Rialtas na Breataine chun a ghníomhaíochtaí idir 1914 agus 1918 a dhlisteanú. Áiríodh leis seo cearta náisiún beag ar an bhféinchinntiúchán náisiúnta, chun iad féin a rialáil gan na Cumhachtaí Móra ag cur isteach orthu, agus chun a n-institiúidí féin a chruthú ina léireofaí a n-éirim féin seachas a bheith ag cosaint leasanna na gcomharsan. Áiríodh leis freisin an dul chun cinn a síltear nuair a chloistear an focal “daonlathas”.
I dtaca leis seo bheadh an Dáil in ann achainí a dhéanamh thar ceann pholaiteoirí na Breataine ar mhuintir na Breataine agus ar rialtais eachtrannacha. D’áitigh an Dáil gurbh í an Dáil féin, seachas Westminster, a léirigh toil na nÉireannach. Chun dul i gcoinne sin, mar réiteach ar neart míleata, rinneadh é a shainmhíniú mar “Phrúiseachas” ónar tugadh an Bheilg slán de réir dealraimh.