Torthaí na dtoghchán uirbeach
Bhí an ceart ar fad, a bheag ná a mhór, acu a bheith muiníneach, ag breathnú ar threocht ghinearálta na dtorthaí, ach bhí na mionsonraí i bhfad ní ba chasta ná mar a bhí siad san olltoghchán in 1918. Fuair iarrthóirí Shinn Féin agus iarrthóirí aontachtacha thart ar an líon céanna vótaí (27% an pháirtí de na vótaí a caitheadh) mar thoradh ar an líon ard daoine a tháinig amach le vóta a chaitheamh (os cionn 70% go náisiúnta, ach bhí roinnt eisceachtaí áitiúla ann) agus gur scoilteadh vóta na gCaitliceach Rómhánach. Is fiú tagairt a dhéanamh don ionadaíocht láidir a bhí ann ó Pháirtí an Lucht Oibre agus d’acmhainneacht Pháirtí na hÉireann nach rabhthas ag súil léi ar chor ar bith. Bhuaigh Sinn Féin 560 suíochán, Páirtí an Lucht Oibre 394 suíochán, na hAontachtaithe 355 suíochán (mar thoradh ar an easpa aistrithe ó iarrthóirí eile), lucht an rialtais dúchais 238 suíochán, iarrthóirí neamhspleácha 161 suíochán agus leasaitheoirí bardasacha 108 suíochán.
Mar sin bhí Sinn Féin i gceannas – le tacaíocht ó pháirtithe neamh-Aontachtaithe i gcásanna áirithe – ar 172 as 206 de chomhairlí uirbeacha na hÉireann. Bhí na poblachtaigh i bhfeighil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach. Ní raibh ceannas iomlán ag aon pháirtí i bPort Láirge ó dheas ná i nDoire (Londonderry) ó thuaidh. Ní raibh na hAontachtaithe i gceannas ach i mBéal Feirste amháin. De réir mar a tharla in 1918, bhí sé deacair vótaí a fháil i gCúige Uladh. Bhí Sinn Féin sa tríú háit maidir leis an líon suíochán a bhuaigh siad, taobh thiar na hAontachtaithe agus Páirtí an Lucht Oibre agus gob ar ghob le Páirtí na hÉireann. Ní raibh aon rath ar na poblachtaigh i mBéal Feirste arís, áit nach bhfuair ach cúigear d’ionadaithe Shinn Féin suíochán ar chomhairle a raibh 60 comhalta ann.