“Close association”
An 10 Aibreán, rinne de Valera, comharba Chathail Bhrugha mar Uachtarán ar Aireacht Dáil Éireann, ráiteas foirmiúil beartais ina raibh tagairt don Aire Cosanta, agus é “in close association with the voluntary military forces which are the foundation of the National Army”. D’fhéadfaí an focal “foundation” a thuiscint sa chaoi nárbh iad Óglaigh na hÉireann arm an Stáit go fóill. I Lúnasa, rinne Cathal Brugha, an tAire Cosanta nuacheaptha, agus duine de thaoisigh Óglaigh na hÉireann, soiléiriú ar an scéal le móid dílseachta. Bhí an mhóid le glacadh ag Óglaigh na hÉireann, Teachtaí Dála agus fostaithe Dháil Éireann araon. Ba réiteach ar cheist amháin é sin, ach tharraing sé ceist eile faoin idirdhealú idir an t-údarás polaitiúil agus an t-údarás míleata.
Is cosúil go raibh drogall ar thaoisigh an Bhráithreachais an mhóid dílseachta a thabhairt, ar eagla go mbainfeadh sé de sheasamh an Bhráithreachais ó thaobh dlisteanacht phoblachtach de. De réir a chéile áfach, thug geall le gach duine an mhóid, Óglaigh idir sean agus nua ina measc, sna míonna ina dhiaidh sin. Ar thaobh amháin, tugadh bonn cirt d’Óglaigh na hÉireann, faoi stiúir máistrí polaitiúla, ar baill nó iarbhaill na heagraíochta céanna cuid acu siúd, ar ndóigh. Ach foinse conspóide a bheadh ann idir an dá thaobh, dá bhfeicfí go raibh an seasamh poblachtach á thréigean, fiú go sealadach, ag an Dáil leis an móid. Tháinig an crú ar an tairne le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh an 6 Nollaig 1921, agus daingniú an chonartha i nDáil Éireann an mhí ina dhiaidh sin.