Cuidíonn taifid riaracháin agus nós imeachta na Chéad Dála agus an Dara Dáil chun scéal na Dála agus a cuid Aireachtaí i dtús aimsire a insint.
I rith shaolré na Chéad Dála bhí 12 sheisiún ag an gCéad Dáil a bhí scaipthe amach thar 21 lá. Dhílsigh Bunreacht na Dála, faoi mar a ceadaíodh é ag an chéad chruinniú an 21 Eanáir 1919, cumhachtaí reachtúla i nDáil Éireann agus bhronn cumhachtaí feidhmiúcháin ar Aireacht. B’in é creat socraithe chóras chomh-aireacht na Breataine, agus is air atá an rialtas parlaiminte in Éirinn bunaithe go dtí an lá atá inniu ann. D’fhás an córas nua-aimseartha de ranna rialtais as an gcóras comh-aireachta sin.
Faoin mBunreacht, is í an Dáil a cheap an Aireacht, agus caitheann sí freagairt don Dáil. Bhí Príomh-Aire i gceannas uirthi (ar tugadh Uachtarán Dháil Éireann air de ghnáth) agus ba í an Dáil a thogh an Príomh-Aire. Bhí ceathrar Airí ann, a d’ainmnigh an tUachtarán agus a dhaingnigh an Dáil. B’éigean don Uachtarán agus do na hAirí a bheith ina gcomhaltaí den Dáil agus d’fhéadfaí iad a chur as oifig, go haonair nó le chéile, trí vóta parlaiminte. D’fhéadfadh an tUachtarán Aire a dhíbirt as oifig ag aon tráth freisin, agus nuair a d’éirigh an tUachtarán as díscaoileadh an Aireacht iomlán go huathoibríoch.
Ceapadh an Chéad Aireacht an 22 Eanáir 1919. Toghadh Cathal Brugha mar Uachtarán ar an Aireacht agus ceapadh ceathrar Airí: Eoin Mac Néill (Airgeadas), Micheál Ó Coileáin (Gnóthaí Baile), an Cunta Pluincéid (Gnóthaí Eachtracha) agus Risteard Ó Maolchatha (Cosaint Náisiúnta). Ní raibh an Chéad Aireacht ceaptha ach mar chomh-aireacht shealadach go dtí go scaoilfí Éamon de Valera saor as an bpríosún. Mar Uachtarán Shinn Féin, ba é de Valera an rogha nádúrtha le haghaidh Uachtarán Dháil Éireann.