Irish Bulletin
Ba é an Irish Bulletin torthaí na n-iarrachtaí sin, foilseachán a dhéantaí le míméagraf agus a d’fhoilsítí gach lá ó Luan go hAoine ó mhí na Samhna 1919 go dtí mí Iúil 1921. Ba ghaisce iontach é, go háirithe mar bhí ar an oifig bogadh 14 huaire in imeacht dhá bhliain chun brath na Breataine a sheachaint agus gur gabhadh FitzGerald i mí Feabhra 1921. Bhí guth láidir poblachtach le brath san Irish Bulletin, agus bhíodh ailt ag moladh airm na bpoblachtach go hard ann mar aon le himeachtaí polaitíochta ar éirigh go hiontach leo nó ailt inar cáineadh craos na mBriotanach. Cé gur foilseachán claonpháirteach a bhí ann go follasach, bhí FitzGerald, agus an duine a tháinig ina dhiaidh, Erskine Childers, pointeáilte faoi scéalta bréagacha a sheachaint ar an mbonn go mbainfidís an bonn ó chreidiúnacht na dtuairiscí a d’fhéadfaí a chruthú a bhí fíor.
Taobh istigh de thréimhse ghairid, d’éirigh leis an Irish Bulletin dul in aghaidh na monaplachta a bhí ag rialtas na Breataine ar scaipeadh nuachta ar Éirinn go dtí sin. Síneadh leis an rith cló a bhí aige ó 30 go dtí 2,000 cóip, agus ba ghnáthábhar léitheoireachta a bhí sa Bulletin d’iriseoirí iasachta a bhí ag oibriú in Éirinn. Ní ba thábhachtaí ná sin, bhí faisnéis ón Bulletin le fáil ina dtuairiscí chomh maith. Scaipeadh an Bulletin go forleathan sa Bhreatain chomh maith, go háirithe i measc na dTeachtaí Parlaiminte in Westminster a raibh bá acu le cúis na bpoblachtach, go mór mór i measc Pháirtí Lucht Oibre na Breataine.
Ní mór Art O’Brien a aithint as an obair a rinne sé le dul i bhfeidhm ar na daoine ba chumhachtaí i Rialtas na Breataine agus i gcathair Londan. Bhí neart ról ag Art O’Brien taobh istigh de ghnóthas na bpoblachtach i Sasana, lena n-áirítear poiblíocht agus tiomsú airgid. Ba den dara glúin Éireannach é O’Brien, mar aon le FitzGerald agus Piaras Béaslaí, comhaltaí eile de mheaisín poiblíochta na bpoblachtach.
Sháigh O’Brien é féin go hiomláin i ngluaiseacht athbheochana na Gaeilge i Londain. Cé nárbh iriseoir é féin, bhí go leor teagmhálaithe aige agus chabhraigh siad go mór leis an iarracht poiblíochta thiar i mBaile Átha Cliath agus bhí siad ríthábhachtach chun meon mhuintir na hÉireann a athrú maidir le beartas Rialtas na Breataine i leith na hÉireann. Is slat tomhais é ar an rath a bhí air chuige sin an ruathar a rinne Scotland Yard ar na foirgnimh a bhí ag Irish Self-Determination League a stiúir O’Brien, i mí na Samhna 1920, agus gur díbríodh roinnt urlabhraithe poblachtacha a bhí ina gcónaí i Sasana ag an am ar ais go hÉirinn.