Faoin mbliain 1918, bhí géarghá le holltoghchán sa Bhreatain agus in Éirinn.
Bhí toghchán ann roimhe sin in 1910, ach toisc gur bhris an cogadh amach san Eoraip in 1914 cuireadh síneadh le téarma an Rialtais. In Éirinn, ba ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann a bhí móramh na suíochán. Bhain siad 73 suíochán amach in olltoghchán mhí na Nollag 1910 agus bhí cothromaíocht na cumhachta acu i dTeach na dTeachtaí. Ach tacaíocht a fháil uathu, d’aontaigh an Príomh-Aire Rialtas Dúchais a bhronnadh ar Éirinn. Ritheadh an tAcht um Rialú na hÉireann 1914, ar a dtugtar an Bille Rialtas Dúchais, i mí Mheán Fómhair ach cuireadh ar fionraí é go dtiocfadh deireadh leis an gcogadh. Mar gheall go raibh Rialtas Dúchais ar fionraí ar feadh tréimhse fada agus an cogadh ag dul ar aghaidh, cothaíodh staid ina bhféadfadh Éirí Amach 1916 tarlú. Faoin am ar glaodh toghchán 1918, bhí athrú iomlán tagtha ar an tírdhreach polaitiúil in Éirinn.