Láthair
Bhain an-tábhacht le rogha na láithreach don chruinniú. Theastaigh láthair i lár Bhaile Átha Cliath a raibh dóthain spáis ann le freastal ar an slua mór a rabhthas ag súil leis, ach níor chóir go mbeadh baint ag an láthair leis an seanréimeas. Ní rabhthas in ann foirgneamh Pharlaimint na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste a úsáid mar sin, an áit a shuíodh Parlaimint Gratton agus ar le Banc na hÉireann é faoin tráth seo, toisc go mbeadh an nasc leis an seanréimeas róláidir. Ní rabhthas in ann na foirgnimh de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, inar reáchtáladh roinnt suíonna de chuid Chomhdháil na hÉireann in 1917–8, a úsáid ach oiread. Ar deireadh, cinneadh go raibh Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara cuí mar láthair don chruinniú.
Bhí ról lárnach ag an bpoiblíocht a rinneadh ar an gcruinniú, a bhí ar siúl ar an 21 Eanáir 1919, lena rath. Ní dhearnadh aon iarracht duaithníocht a úsáid ná dallamullóg a chur ar na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. I gcodarsnacht leis sin, rinneadh gach aon iarracht aird a tharraingt ar na himeachtaí. Tugadh tús áite do riachtanais iriseoirí agus dóibh siúd a bhí ag oibriú le nuachtáin idirnáisiúnta go hairithe. Tugadh suíocháin iontacha ar feadh an chruinnithe do na scórtha iriseoirí a bhí ann agus tugadh dinnéar saor in aisce dóibh níos déanaí mar chomhartha dea-bhéasa ón tionól nua.
Is ionadh é sa chomhthéacs seo nach ndearnadh eagarthóirí an imeachta aon socrú go mbeadh ceamaraí nuachta ann chun na himeachtaí a chur in iúl don phobal i bpictiúrlanna ina dhiaidh. Chaill siad an deis go mbeadh feasacht ní ba leithne ag an bpobail ar imeachtaí an lae ná an tuairisc a bheadh fiú sa nuachtán ba mhó ag an am. Is mór an t-iontas nach ndearnadh amhlaidh cé gur baineadh leas as an modh nua seo, agus d’éirigh go maith leis, ag sochraidí móra Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa in 1915 agus Thomáis Ághas in 1917.