Na chéad bhlianta
Ó 1922 i leith, ba thuairisceoirí parlaiminte, eagarthóirí, foireann riaracháin agus, níos túisce ná sin, clos-chlóscríobhaithe a ghlac deachtú ó na tuairisceoirí, a bhí i mbun na hoibre ar an Tuarascáil Oifigiúil a chuir Oifig na nDíospóireachtaí le chéile.
In 1922, d’iarr Cléireach na Dála, Colm Ó Murchadha, ar Michael Knightly, tuairisceoir nuachtáin, fear a throid in 1916 agus oifigeach de chuid Dháil Éireann a thug tuairisc ar dhíospóireachtaí maidir leis an gConradh, an fhoireann a bheadh ag obair ar Thuarascáil Oifigiúil na Dála a earcú. Ba rud neamhfhoirmiúil a bhí san earcaíocht agus cuireadh meitheal ochtar tuairisceoirí, fir ar fad, le chéile ar dtús báire. Ceapadh Knightly féin mar an chéad Eagarthóir ar Dhíospóireachtaí. B’iriseoirí nuachtáin a bhí sna tuairisceoirí go léir a earcaíodh, agus bhí taithí ag beirt acu, William J. Flynn agus Martin Cleere, ar bheith ag obair i dTeach na dTeachtaí. Thug Flynn cúnamh ag taifeadadh na ndíospóireachtaí faoin gConradh agus bhí sé ag obair leis an bhfoireann oifigiúil ó bunaíodh an oifig in 1922. Thiomsaíodh sé roinnt doiciméad parlaiminte freisin gach bliain a bhí ag gabháil leo ar ar tugadh Irish Parliamentary Handbook idir 1932 agus 1945.
Tar éis dheireadh an Chogaidh Chathartha, cuireadh an oifig ar bun go buan agus, in 1924, tugadh ar aird i dtuarascáil Bhuanchoiste na Dála maidir le Foireann an Oireachtais go raibh, anuas ar an Eagarthóir Díospóireachtaí agus eagarthóir cúnta, 12 thuairisceoir fostaithe chun díospóireachtaí na Dála, an tSeanaid agus coistí Oireachtais ó am go ham a chumhdach.