In ócáid spéisiúil, ach nach dtarlaíonn ach go hannamh, i saol thuairisciú na parlaiminte cuirtear fáilte roimh dhuine mór le rá ón gcoigríoch i gceann de na Tithe nó ag suí den dá Theach le chéile.
Cé go gcuirtear fáilte roimh uaisle ón gcoigríoch gach bliain chuig gailearaithe na gcuairteoirí, is annamh go dtugann siad aitheasc do Chomhaltaí i gceann de na Seomraí. Nuair a dhéantar aithisc den sórt sin, is minic gur Ceannairí Stáit nó Rialtais a dhéanann iad agus is gnách go gcumhdaítear topaicí mar luachanna cultúrtha agus eacnamaíocha comhroinnte, obair mhuintir na hÉireann thar lear agus an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Bíonn script ag gabháil leis na hóráidí sin de ghnáth ach caitheann tuairisceoirí parlaiminte leo ar an mbealach céanna a bheag nó a mhór is a dhéantar leis an méid a bhíonn le rá ag Comhaltaí den Oireachtas. Bítear cúramach chun a chinntiú go dtuairiscítear óráidí den sórt sin ar bhealach a léiríonn a gcaighdeán agus a luach stairiúil agus nach mbaineann ó chroí na hócáide.