Cé a oibríonn in Oifig na nDíospóireachtaí?
Cuimsíonn an fhoireann a chruthaíonn Tuarascáil Oifigiúil Thithe an Oireachtais, Eagarthóir na nDíospóireachtaí agus Príomhthuairisceoir, triúr leas-eagarthóirí, eagarthóirí cúnta, foireann riaracháin agus tuairisceoirí parlaiminte. Déanann an tEagarthóir bainistiú ar na gnóthaí ar fad agus bíonn gach leas-eagarthóir freagrach as tuairisceoireacht sa Dáil, sa Seanad nó sna coistí. Seiceálann na heagarthóirí cúnta an tuarascáil le haghaidh cruinnis agus leanúnachais agus cuireann an fhoireann riaracháin tacaíocht ar fáil trí choistí a logáil agus trí dhíospóireachtaí agus ceisteanna parlaiminte a sheiceáil, a chomhthiomsú, a fhormáidiú agus a fhoilsiú.
Is iad na tuairisceoirí parlaiminte, arb iad an tromlach san fhoireann, a fheictear ag rith de sciurd, peann ina láimh acu, óna ndeasc chuig Seomra na Dála agus Seomra an tSeanaid nó seomraí coiste chun taifead a dhéanamh den té atá ag caint, an méid a deir sé nó sí agus cé leis nó léi a bhfuil sé ag caint. I Seomraí na Dála agus an tSeanaid, suíonn na tuairisceoirí chun tosaigh ag bord i lár an tseomra, an áit is fearr le gach rud a chloisteáil agus a fheiceáil. Nuair a ghlacann siad nótaí, ní hamháin go mbíonn orthu éisteacht go cúramach leis an gcainteoir a bhfuil an micreafón ar siúl aige nó aici, bíonn orthu éisteacht leis na Comhaltaí eile a chuireann leis an bplé ach nach bhfuil an micreafón ar siúl acu. Ní mór dóibh súil a choinneáil ar chomharthaíocht choirp na bpolaiteoirí le tuar a dhéanamh ar cé hé an chéad duine eile a chuirfidh isteach ar an gcaint. Is minic a bhíonn orthu dul i dteagmháil le Comhaltaí le hathfhriotal nó staitisticí a dheimhniú, mar shampla, agus caithfidh siad a chinntiú go mbíonn an fhaisnéis uile a theastaíonn acu sula ritheann siad ar ais chuig a ndeasc le tras-scríobh a dhéanamh ar thaifead na díospóireachta atá díreach cloiste acu.