Tá an iarracht a rinne Éire aitheantas a fháil dá neamhspleáchas ar mhodh achainí chun Chomhdháil Síochána Versailles ar cheann den iomaí gné de bhlianta na réabhlóide ó 1912-23 a mbíonn neamhaird á tabhairt uirthi.
Tá dhá chúis leis an bhfaillí sin agus is féidir iad a aithint gan stró. Ar an gcéad dul síos, go bunúsach, níor éirigh leis an achainí, agus séanadh éisteacht den sórt sin ar Éirinn. Toisc gur minic a dhéantar dearmad ar iarrachtaí teipthe, caitheadh an iarracht i leataobh sa taifead ar na blianta sin. Tharla an méid sin go ríthapa a bhuí leis an dara cúis – an treallchogaíocht a sheol Óglaigh na hÉireann i gcoinne fhórsaí na Corónach i rith Chogadh na Saoirse, agus freagra brúidiúil na Breataine. Tá sé ríthábhachtach go gcuimhneoimis, áfach, nárbh é an bealach foréigneach seo chun féinrialtais an bealach ba rogha leis na poblachtaigh. Ba fhreagra neamhphleanáilte é, ar bhealach, ar an gcaoi ar theip orthu in Versailles. Tá sé tábhachtach, mar sin, scrúdú a dhéanamh ar chúlra na teipe sin agus ar na cúiseanna a bhí léi.