Go bunúsach, tá Oifig na nDíospóireachtaí i mbun na ceirde céanna ó bunaíodh í in 1922.
Rinne tuairisceoirí tuairisc riamh anall ar imeachtaí an Oireachtais i míreanna cúig nó deich nóiméad ar a dtugtaí “téiceanna”. Bhíodh sé mar chúram ar an eagarthóir na téiceanna a bhí curtha i gcrích a léamh arís agus a sheiceáil agus dhéantaí na téiceanna a cuireadh in eagar a bhailiú agus a fhoilsiú sa Tuarascáil Oifigiúil go ríghairid i ndiaidh na díospóireachta. Tháinig athrú i gcaitheamh na mblianta áfach ar an gcaoi a bhfuil Oifig na nDíospóireachtaí i mbun na hoibre sin.
Ar feadh tréimhse an-fhada, cuireadh an Tuarascáil Oifigiúil le chéile ag úsáid uirlisí simplí cosúil le pinn luaidhe, pinn agus cóipleabhair, clóscríobháin láimhe agus páipéar carbóin, siosúir agus gliú. Bhí sé sin indéanta mar, ar feadh 70 bliain, thaifead tuairisceoirí díospóireachtaí trí nóta gearrscríofa a ghlacadh de na himeachtaí. Is modh scríbhneoireachta siombalach é an gearrscríobh, scil is annamh a úsáidtear na laethanta seo, a thugann deis do dhaoine scríobh go tapa agus ar bhealach níos gonta le hais dá mbeidís i mbun gnáthscríbhneoireachta. Leis an scil fíor-luachmhar seo, atá ar an bhfód ar bhealach éigin le breis is 2,000 bliain, bhí cleachtóirí cumasacha in ann scríobh ag luas 170 focal in aghaidh an nóiméid nó níos mó, rud atá sách tapa chun caint gach duine beagnach a thaifeadadh.